Javascript Menu by Deluxe-Menu.com

LCEB
 

July 31, 2010.

 
 
   
  Bookmark This Page
  Print This Page
  Site Map

Is é Bord Fiontar Contae Lú an phríomhghníomhaireacht i gContae Lú atá tiomanta d’fhorbairt na micrifhiontar. Tá an Bord ar an bhfód anois le cúig bliana dhéag anuas agus cuireann a fhoireann ardoilte comhairle, comhairleoireacht, oiliúint agus tacaíocht forbartha airgeadais agus acmhainní ar fail do bhreis is 3,000 fiontar áitiúil.

Má tá baint agat le cúrsaí gnó nó, fiú, mura bhfuil tú ach ag na céimeanna an-luath agus tú ag smaoineamh ar ghnólacht a bhunú, ba chóir duit glaoch a chur orainn chun comhrá cairdiúil a shocrú faoi conas ar féidir linn a thacú leat. Tá fáilte romhat bualadh isteach chugainn sna hoifigí againn, nó is féidir linn socrú a dhéanamh bualadh leat ag d’áitreabh féin.

Tá an Bord ann chun gníomhaíocht eacnamaíochta agus fiontraíochta a spreagadh i gContae Lú, agus chun poitéinseal fiontraíochta dúchasaí áitiúla a fhorbairt san earnáil micreaghnó. Tá sé mar aidhm ag Bord Fiontar Contae Lú (BFCL) comhiarracht ó raon leathan grúpaí an phobail áitiúil a chothú, ag féachaint do gheilleagar áitiúil a bheidh fíorláidir agus comhsheasmhach a ghiniúint, trí mhéadú i bhfostaíocht agus maoin chomh maith le hiomaíochas feabhsaithe. Tá raon uirlisí tacaíochta ag an mBord, d’fhonn a chuid cuspóirí a bhaint amach, idir airgeadais agus neamhairgeadais, chun cúnamh a thabhairt do thograí inmharthana le haghaidh tionscadal um thosú agus leathnú gnólachtaí.

Is é sainmhisean an BFCL:

  • Spreagadh agus tacaíocht a thabhairt maidir le deiseanna micrifhiontar nideoige a chruthú atá inbhuanaithe ó thaobh eacnamaíochta de sna seirbhísí déantúsaíochta, seirbhísí intrádála idirnáisiúnta agus earnálacha seirbhísí ard-nuálaíocha intrádála áitiúil trí chultúr fiontraíochta a chur chun cinn.

  • Faisnéis, comhairle, meantóireacht, forbairt bhainistíochta agus comhairleoireacht ghnó a sholáthar.

  • Foirmiú comhpháirtíochtaí agus comhaontachtaí a thionscnamh.

  • Forbairt eacnamaíochta áitiúla a chothú.

Chuir an Bord tús le roinnt mhaith cláir spriocdhírithe thacaíochta do ghrúpaí laistigh d’earnáil na fiontar beaga agus meánmhéide - a raibh clár Gnó do Mhná, clár um struchtúr tacaíochta do Fhiontair Chruthaitheacha agus don Ghnólacht Cheardaíochta san áireamh orthu sin, chomh maith le clár Líonraithe ghnó.

Labhair linn faoi conas is féidir linn cabhrú leat agus le do ghnólacht.
Déan teagmháil le Ronan Dennedy, Joe English nó Peggy McGlynn at 042 932 7099


 

Louth County Enterprise Board, Quayside Business Park, Mill Street, Dundalk, Co. Louth, Ireland. Telephone: +353 42 932 7099 Fax: +353 42 932 7101